Téacratas, Idil XI - Theocritus, Idyll 11
This post offers a translation of Theocritus' eleventh Idyll into Irish by Caolán Mac an Aircinn. The poem tells the story of Polyphemus, better known as Odysseus' enemy, and his unrequited love for the sea-nymph Galatea. This sort of reimagining and playing with elements from classical Greek literature was integral to the literature of the Hellenistic Age, to which Theocritus belonged. You can also listen to a recording of Caolán reading his Irish translation at the end of this post.
Tá bá ar leith agam leis an dán seo, óir ba é a bhí ar an scrúdú Gréigise a bhí agam san iarchéim. Go bhfios dom, seo an chéad uair d’éinne Gaeilge a chur air. Pléann sé an Cíoclóp, ar fearr aithne air mar mhór-arracht an Odaisé; údar grinn is spéise dúinne is do Ghréagaigh araon é a fheiceáil mar leaid óg i bpian an ghrá, mar a léirítear anseo é. Téacratas a scríobh; file Gréagach ab ea é as an ré Heilléanaíoch, an tréimhse idir bás Alastair Mhóir agus teacht na Rómhánach. Ba as an Sicil do Théacratas, agus tá rian Ghréigis na Sicile le sonrú go trom ina chuid oibre, an dán seo san áireamh. Thaitin sé le filí Gréigise na haimsire sin bheith ag spraoi leis na sean-charachtair agus na sean-choincheapa a bhíodh i litríocht an ré Chlasaicigh, agus tá féith an spraoi sin sa dán thíos.
Leagan Gréigise Neil Hopkinson (Hopkinson, N. A Hellenistic Anthology, Cambridge, 2020) a d’úsáid mé mar bhunús don aistriú. B’éigean dom dul ábhairín fada ón nGréigis in áiteanna le nach mbeadh an Ghaeilge róchiotach ar an léitheoir. Faoin léitheoir úd atá sé, ar ndóigh, an raibh sé de cheart agam a dhéanamh amhlaidh. Tá mé an-bhuíoch le Justin Ó Scanaill as profáil a dhéanamh ar an leagan Gaeilge. Mise is ciontach, ar ndóigh, as aon bhotúin.
[1] Measadh sa ré Heilleánaíoch gurb as an Sicil do Pholaiféamas.
[2] Mheas na Gréagaigh gurb é an t-ae ba chúis le mothúcháin do dhaoine.
[3] De réir na miotaseolaíochta, bandia de chuid na farraige a bhí mar mháthair ag an gCíoclóp, Polaiféamas.
[4] Tagraítear sa Ghréigis do Shéas anseo, ach roghnaigh mé an focal ‘dia’ ar an gcéad dul síos mar go gcloiseann Séas ait sa Ghaeilge, dar liom, agus ar an dara dul síos ós rud é go bhfuil ceangal sanasaíochta idir Ζεύς na Gréigise agus ‘dia’ na Gaeilge.
Image credit: Polyphemus and Galatea in a Roman wall painting from Boscotrecase (MMA 20.192.17: Open Access)
Caolán Mac an Aircinn is an alumnus of TCD Classics. His classical translation work can also be seen in Comhar. You can find him online at @writercaolan on Instagram. Warmest thanks also to Justin Ó Scanaill for providing minor edits to the Irish text.